Tuesday, October 25, 2005

mí na meala mo thuismitheoirí

Thosaigh m'athair an carr. "An miste leat má dhéanfaimis stad tapa roimh ár dturas?" ar seisean.

"Ní miste liom," arsa mo mháthair. Cheap sí gur theastaigh leithreas uaidh.

Theastaigh neachtlann uaidh. Ní raibh éadaí glana aige le mí na meala.

Tar éis roinnt uaireanta sa neachtlann, thiomáin siad go dtí Cape Cod. Thiomáin siad agus thiomáin 's thiomáin . . .

Nuair a shroich siad Wellfleet, bhí corraithe ar mo mháthair. Bhí a óstlann i Wellfleet, Truro, nó Provincetown!

"Cá mbeimid ag fanacht?" ar sise.

"An chéad áit le fógra 'Folúntas' air," ar seisean.


D'fhan siad ar Cape Breeze Motel. Tá beagán fearg ar mo mháthair leis fós...

Lipéid: ,

0 Comments:

Post a Comment

<< Home