Monday, October 17, 2005

Mo shin-seanmháthair

Sa dinnéar teaghlaigh, dúirt m'athair gur mhian leis mititei a thabhairt d'Artúr. (Is ispín Rómhánach é. Is clann m'athar Rómhánach as Albáin.)

Dúirt mo sheanmháthair (máthair m'athar), "Ná tabhair mititei de. Níor ith mo mháthair é riamh. Bhí ailléirge uirthi le gairleog. Thit sí i bhfanntais nuair a ith sí mititei."

Tá mo sheanmháthair beagán craiceáilte...ach ní féidir leis an Rómhánach gairleog a ithe...vaimpír, an ea?


Lipéid: , ,

2 Comments:

At 9:29 AM, Blogger mark bodah said...

Vaimpír gan amhras! An féidir leat í a feiceáil sa scáthán?

 
At 3:42 PM, Blogger Nicole said...

;) Ní déarfaidh mé choíche.

 

Post a Comment

<< Home